Teacht na Banríona: Sinéad Ní Uallacháin agus As an Nua

Ní bhíonn aon náire orm nuair a admhaím gur bhuail mé le Sinéad Ní Uallacháin (Banríon na Siamsaíochta, mar is fearr aithne uirthi) sa phub. Ba i gClub Chonradh na Gaeilge a tharla sé, an teach tábhairne is Gaelaí san ardchathair. Glanann an Gaelachas sin aon pheaca atá déanta ag ceachtar againn ó shin, bíodh 'fhios agaibh.Áit éigin idir iarrachtaí amhráin a cheol agus rince ar bhoird, cuireadh síol an chairdis. Bhíomar sna luathfhichidí agus táimse tríocha anois (tá Sinéad níos óige ná mé, ochón), rud a chiallaíonn gur tharla sin scata de bhlianta ó shin. Bhí Sinéad oscailte, cairdiúil, cruthaitheach agus greannmhar i gcónaí. Cothaíodh cairdeas eadrainn thar na blianta, le linn oícheanta déanacha craiceáilte, comhráite fada agus rúin nár scaoileadh ariamh. Tá sí cineálta, tacúil, cumasach agus mórchroíach.Is ealaíontóir (agus aisteoir!) den chéad scoth í Sinéad, cé go bhfuil cáil uirthi mar láithreoir raidió le spéis faoi leith i  gcúrsaí ceoil agus cultúrtha. Tá saothar Shinéad le fáil i measc na bhfoilseachán seo a leanas; An Tíogar agus a Mhadra, le Mícheál Ó hUanacháin (Coiscéim, 2014), Fighting Words: stories inspired by visits to the National Gallery of Ireland, (Fighting Words, 2014); Sin Scéal Eile: Gearrscéalta Nuascríofa, (An Gúm, 2010); NÓS agus The Children of the Finca Florencia,  a d'fhoilsigh carthannacht Éireannach, Hope Guatemala.Le taom mórtais a fhógraím go mbeidh saothar Shinéad anois le feiceáil ar As an Nua. Beidh an chéad dá phíosa uaithi ag dul le halt a fhoilseofar maidin amárach (Dé Céadaoin).Is féidir Sinéad a leanúint ar Twitter anseo nó teagmháil a dhéanamh léi ar rphost ag sinead.niuallachain@gmail.com 

Previous
Previous

Bac an Scríbhneora: Bagairtí An Spáis Bháin

Next
Next

An Cholainn Chuí